Is teanga Cheilteach í an Ghaeilge a bhfuil gaol gairid aici le Gaeilge na hAlban agus le Gaeilge Mhanann. Tá gaol aici fosta leis an Bhreatnais, leis an Choirnis agus leis an Bhriotáinis. Is é is dóiche gur thart ar dhá mhíle bliain ó shin a tháinig na chéad chainteoirí Gaeilge chun na tíre seo ó mhór-roinn na hEorpa. Ar na príomhchúiseanna taobh thiar de mheath na Gaeilge bhí gorta mór na bprátaí i lár na naoú haoise déag. Fuair thart ar mhilliún duine bás le linn an ghorta agus d’imigh milliún eile ar imirce. Ba chainteoirí dúchais Gaeilge a bhformhór acu seo.
Inniu
Ó thaobh na staire de, cé go bhfuair na cainteoirí dúchais deireanacha sa tuaisceart bás sna 1970í, faoin am sin, bhí teaghlaigh Ghaeilge á dtógáil i gceantair éagsúla sa tuaisceart. Tá an Ghaeilge á cur ar aghaidh ó ghlúin go glúin sna teaghlaigh seo ó shin agus tá cuid mhór daoine ag foghlaim na teanga ar scoil nó i ranganna pobail.Go bunúsach mar sin de, tá gluaiseacht na Gaeilge sa tuaisceart mar ghluaiseacht athbheochana. Tá lucht labhartha na Gaeilge spréite fud fad an tuaiscirt agus an chuid is mó acu i mórcheantar Bhéal Feirste. Tá mórfhorbairt ag titim amach le blianta beaga anuas mar thoradh ar sheoladh ranganna Gaeilge i Misean Oirthear Bhéal Feirste ar Bhóthar Bhaile Nua na hArda. Is í Linda Ervine atá ag tabhairt an tionscnaimh ‘Turas’ chun tosaigh agus i mí Eanáir 2014 osclaíodh áitribh úra go hoifigiúil in Ionad Skainos in Oirthear Bhéal Feirste.Tá an Ghaelscolaíocht ar na hearnálacha oideachais is mó fás agus forbairt in Éirinn le 30 bliain anuas. Tá breis agus 45,000 dalta ag freastal faoi láthair ar Ghaelscoileanna taobh amuigh den Ghaeltacht. Tá níos mó ná 250 scoil sa deisceart, chomh maith le 45 naíscoil, 38 bunscoil agus 4 mheánscoil lán-Ghaeilge sa tuaisceart ina bhfaigheann daltaí a gcuid oideachais trí mheán na Gaeilge. Leoga, tá breis agus 5,000 dalta á dteagasc trí mheán na Gaeilge sa tuaisceart faoi láthair agus is í an Ghaeilge an tríú teanga is mó éileamh ag leibhéal TGMO i scoileanna an tuaiscirt. Mhaígh 1.77 milliún duine sa deisceart i ndaonáireamh 2011 go raibh Gaeilge acu agus mhaígh 11% de dhaonra an tuaiscirt go raibh eolas éigin ar an teanga acu. Tá ranganna Gaeilge a riarann ar leibhéil éagsúla cumais ar fáil ar fud an oileáin (agus níos faide i gcéin) agus freastalaíonn na céadta duine, idir óg agus aosta, ar chúrsaí sna ceantair Ghaeltachta, mar a mhaireann sí go fóíll mar theanga an phobail
Amárach
D’ainneoin gur ábhar imní le tamall de bhlianta ag lucht na Gaeilge é bás na gcainteoirí dúchais is sine, tá muinín as an nua ag daoine as a bhfuil i ndán don teanga. De réir a chéile, tá an Ghaeilge ag tiontú ina teanga roinnte don uile dhuine agus is é aidhm Líofa cuidiú le daoine an fhís sin a fhíorú. Aithnítear i bhfeachtas Líofa nach bhfuil an Ghaeilge i seilbh grúpa ná duine ar leith ach gur teanga shaibhir, bheoga í a dtig le duine ar bith ar mian leo í a labhairt. Mar sin, cuidigh linn agus glac gealltanas Líofa.