Posted:

Faigheann daoine a théann chun na Gaeltachta deis iad féin a thumadh i bpobal labhartha Gaeilge, a gcuid eolais ar an teanga agus an úsáid a bhaineann siad aisti a mhéadú, trí fhreastal ar ranganna Gaeilge mar aon le páirt a ghlacadh i réimse leathan gníomhaíochtaí cultúrtha – spórt agus ceol trí mheán na Gaeilge san áireamh.
Tá an Scéim Sparántachtaí Gaeltachta oscailte do dhaltaí a bhfaigheann a dtuismitheoirí sochar de réir tástála acmhainne, nó d’fhoghlaimeoirí fásta a fhaigheann ceann de na sochair cháilithe. Ó tharla go bhfuil éileamh an-mhór ar an sparántacht, tugtar tús áite do na daoine fásta nó do na daltaí siúd nach bhfuair sparántacht roimhe seo agus a chomhlíonann na critéir atá leagtha amach san fhoirm iarratais.
Is féidir iarratais a dhéanamh ar líne nó trí theagmháil dhíreach a dhéanamh le Líofa ag 028 9051 5114.
Druidfear an scéim Dé Luain 3 Márta 2025.